← Bhí sraith ceisteanna tugtha di le cur agus na freagraí le scrí síos. 🔊✎
← "Dá bhfeicfeá an liosta ceisteanna, fé rudaí chomh príobháideach! 🔊
← D'fhreagraíos a cuid ceisteanna, a dúrt leat, sin rud eile ar fad." 🔊
← Agus bhí an mhaidean chomh gruama, agus an tigh chomh tóin-thar-ceann tar éis an deireadh seachtaine, agus an bille ESB tar éis teacht, nuair a bhuail sí chugam isteach lena liosta ceisteanna, cheapas gur anuas ós na Flaithis a tháinig sí chugam. 🔊✎
← Aon ní amháin a cheapas féin a bhí bunoscionn leis an tsuirbhé, ná raibh a dóthain ceisteanna aici. 🔊✎
← B'fhéidir gur ag insint éithigh dom a bhí sí chun go mbeadh trua agam di, agus go bhfreagróinn a cuid ceisteanna. 🔊✎
← Agus chaitheas mo mhaidean léi agus bhí oiread le déanamh agam an mhaidean chéanna; níochán is gach aon ní ach shuíos síos ag freagairt ceisteanna di agus ag tabhairt caife di, agus gan aon fhocal den bhfírinne ag teacht as a béal! 🔊